
NASC ÁITIÚIL
SEIRBHÍS BUS ÁITIÚIL


Chun infhaighteacht a chinntiú, ba cheart do chustaiméirí taisteal a chur in áirithe trí ghlaoch ar 091 842384.
Nasc Áitiúil TFI, Gaillimh
An tseirbhís áitiúil bus iompair phoiblí a sholáthraíonn naisc níos fearr idir an t-iompar tuaithe agus seirbhísí bus agus iarnróid náisiúnta, ag freastal di ar phobail Chontae na Gaillimhe.
Le seirbhísí bus Nasc Áitiúil TFI, nasctar pobail ar fud cheantar tuaithe na hÉireann mar chuid de Ghréasán Iompair Phoiblí TFI.
Tá seirbhísí bus Nasc Áitiúil TFI ar phraghas réasúnta agus ar fáil do dhaoine atá ag iarraidh taisteal chuig a mbaile nó a sráidbhaile áitiúil agus uathu araon. Oibríonn Nasc Áitiúil TFI dhá chineál dhifriúla seirbhíse: Seirbhísí Bus Tuaithe Tráthrialta agus Seirbhísí Bus ó Dhoras go Doras.
Ní oibríonn seirbhísí ar Laethanta Saoire Poiblí.




Gach eolas cruinn tráth a phostala: Lúil 2021