top of page

ÁR SEIRBHÍSÍ

Le seirbhísí bus Nasc Áitiúil TFI, nasctar pobail ar fud cheantar tuaithe na hÉireann mar chuid de Ghréasán Iompair Phoiblí TFI.  Tá seirbhísí bus Nasc Áitiúil TFI ar phraghas réasúnta agus ar fáil do dhaoine atá ag iarraidh taisteal chuig a mbaile nó a sráidbhaile áitiúil agus uathu araon. Oibríonn Nasc Áitiúil TFI dhá chineál dhifriúla seirbhíse: Seirbhísí Bus Tuaithe Tráthrialta agus Seirbhísí Bus ó Dhoras go Doras.

Seirbhísí Bus Tuaithe Rialta / Seirbhís Sheasta

Oibrítear Seirbhísí Bus Tuaithe Rialta Nasc Áitiúil TFI ar bhealach seirbhíse seasta idir bailte agus sráidbhailte. Tá amchlár sceidealaithe acu, faoi mar atá ag aon seirbhís bus iompair phoiblí eile. Deartar amchláir Seirbhísí Bus Tuaithe Rialta chun an nascacht le seirbhísí bus tráchtála agus le gréasáin Iarnród Éireann a uasmhéadú chun cabhrú le paisinéirí a dteastaíonn uathu nascadh le gréasán náisiúnta TFI.

Baineann idir mhuintir na háite, chomaitéirí, mhic léinn agus thurasóirí úsáid as na seirbhísí sin go minic.

Ár léarscáil bealaí rialta:

Seirbhísí Bus ó Dhoras go Doras

Bealaí bus is ea Seirbhísí Bus Nasc Áitiúil TFI ó Dhoras a bhfuil buntáiste breise acu go mbaileofar agus go scaoiltear amach paisinéirí go díreach ina dtithe. Teastaíonn réamháirithint ó na seirbhísí seo le do Oifig Nasc Áitiúil TFI, go hidéalach ar a laghad an lá roimh thaisteal. Feidhmíonn Seirbhísí Bus ó Dhoras go Doras amchlár a d’fhéadfadh athrú. Féadfaidh minicíocht na gclár ama do Sheirbhísí Bus ó Dhoras go Doras a bheith éagsúil ó lá go lá go uair sa tseachtain, nó gach coicís.

Is é an toradh atá ar Sheirbhísí Bus ó Dhoras go Doras ná go dtugtar mórshuaimhneas intinne do phaisinéirí a chónaíonn i limistéir thuaithe agus nach mbeadh in ann an t-iompar poiblí a rochtain ar shlí eile. Tugtar saoirse do na paisinéirí sin freisin.

Cé na daoine a fhéadfaidh Seirbhísí Nasc Áitiúil TFI a úsáid?

Bíonn seirbhísí bus Nasc Áitiúil TFI ar fáil do gach duine, agus soláthraíonn siad seirbhísí ríthábhachtacha iompair do chách. Soláthraíonn na seirbhísí bus sin iompar sábháilte inrochtana do phobail tuaithe, agus iad ag freastal ag an am céanna ar na riachtanais a bhíonn ag daoine scothaosta agus ag daoine faoi mhíchumas. Glactar le Pasanna Saorthaistil ar gach seirbhís de chuid Nasc Áitiúil TFI agus tá táillí airgid iníoctha ag aon duine nach bhfuil Pas Saorthaistil aige nó aici. Trí sheirbhís rialta sceidealaithe iompair phoiblí a sholáthar i limistéir iargúlta, tairgeann Nasc Áitiúil TFI níos mó deiseanna taistil agus comaitéireachta do dhaoine a chónaíonn faoin tuath.

Inrochtaineacht

Soláthraíonn Nasc Áitiúil TFI busanna inrochtana ar fud a sheirbhísí lae agus tráthnóna, agus is féidir leis a bhealaí a chur ar mhalairt slí má chuireann cónaitheoirí in áirithe iad ar an bhfón roimh ré lena mbailiú i gcás go bhfuil deacrachtaí soghluaisteachta acu.

Is féidir táillí a íoc le hairgead tirim ar sheirbhísí Nasc Áitiúil. Gearrtar táillí éagsúla as seirbhísí Nasc Áitiúil TFI, agus táillí singile, táillí fillte, táillí do mhic léinn, táillí do leanaí agus táillí seachtainiúla ar fáil. Féach ár dtábla chun struchtúr táillí a fheiceáil.

Glactar le Pasanna Saorthaistil ar gach seirbhís de chuid Nasc Áitiúil

Más rud é go mbeidh tú ag taisteal linn go tráthrialta agus go mbeidh seirbhís ó dhoras go doras ag teastáil uait, beidh ort clárú linn agus d’ainm agus do sheoladh a thabhairt dúinn chun go mbeimid in ann seirbhís ó dhoras go doras a sholáthar duit.

Más rud é go mbeidh tú ag úsáid na mbusanna ag stadanna bealaigh seirbhíse seasta, ní bheidh ort suíochán a chur in áirithe ná clárú linn agus ní bheidh orainn do mhionsonraí a choinneáil.

Ní oibríonn Bealach 431, 432 & 546 ar Lá Nollag ná ar Lá Fhéile Stiofáin.

Ní oibríonn ceann ar bith de na seirbhísí eile ar Laethanta Saoire Poiblí.

Local Link Galway

tfi-local-link-galway-regional-logo.png
  • Facebook Social Icon

Bealach na Gaillimhe Teo.

bottom of page