TÉARMAÍ ÚSÁIDE
Is ar mhaithe le heolas a thabhairt amháin a bhfuil d'eolas ar fáil ar leathanaigh an láithreáin gréasáin. Cé go ndearnadh gach cúram agus an t-eolas á ullmhú, ní thugann Local Link na Gaillimhe barántas ná uiríoll i ndáil le cruinneas ná iontaofacht an eolais.
Ní ghlactar i gcás ar bith le dliteanas de chineál ar bith, dliteanas mar gheall ar fhaillí san áireamh, i ndáil le haon damáistí ar bith a thiocfadh de thoradh ar chaillteanas úsáide, sonraí ná brabúis a eascraíonn ó nó atá ceangailte leis an láithreán gréasáin seo nó ábhar atá ar an láithreán gréasáin seo a bhreathnú, a úsáid nó a fheidhmiú.
D'fhéadfadh míchruinneas teicniúil nó earráidí cló a bheith i gceist lena bhfuil ar leathanaigh an Láithreáin Gréasáin seo. Is féidir an t-eolas ar na leathanaigh seo a leasú ó am go chéile agus d'fhéadfadh tráth ar bith go mbeadh eolas as dáta. Ní ghlactar le freagracht ar bith as na leathanaigh a choinneáil cothrom le haimsir ná le dliteanas ar bith maidir le faillí sin a dhéanamh.